DAC4/Tuairisciú de Réir Tíre (DrT)
Conas Tuairisc de Réir Tíre (DrT) a thíolacadh
Ní mór do ghrúpaí fiontar ilnáisiúnta (Grúpaí MNE) a bhfuil dualgais tíolactha DrT orthu in Éirinn, Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun clárú don dualgus Tuairiscithe DrT.
Ní mór duit clárú mar eintiteas tuairiscithe má tá oibleagáid Tuairiscithe DrT ort ach:
- níl uimhir thagartha cánach agat
- agus
- níl tú cláraithe le haghaidh ROS.
Féadtar é seo a dhéanamh ach Foirm Clárúcháin le haghaidh Eintiteas Tuairiscithe a chomhlánú. Más gníomhaire thú atá ag déanamh ionadaíochta ar eintiteas tuairiscithe, féadtar do chliant a chlárú ar ROS. Nuair a bheidh tú cláraithe mar eintiteas tuairiscithe, beidh tú in ann teacht ar ROS agus clárú don dualgas tuairiscithe DrT.
Nuair a bheidh tú cláraithe, féadtar tuairiscí DrT a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí ROS.
Le tuilleadh eolais a fháil, féach aguisín V denTreoirleabhar Cánach agus Dleachta Cuid 38-03-21. Tá treoir céim ar chéim maidir le saincheisteanna ar fáil sa rannán seo, lena n-áirítear:
- conas clárú mar eintiteas tuairiscithe
- eintitis tuairiscithe éagsúla chun críocha Tuairiscithe DrT
- agus
- conas Tuairisc DrT a thíolacadh.
Cén uair is gá Tuairisc DrT a thíolacadh?
Ní mór do Ghrúpa MNE a dTuairisc DrT a thíolacadh tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis an lae dheireanaigh den bhliain fhioscach lena mbaineann an Tuairisc.
Ní mór fógraí Tuairiscithe DrT a thíolacadh tráth nach déanaí ná an lá deireanach den bhliain fhioscach lena mbaineann an Tuairisc.
Ar aghaidh: Cén uair agus cén chaoi a ndéantar an fhaisnéis a mhalartú