Cáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe

Feidhmítear an Cháin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM) ar an gcéad soláthar sa Stát de dheochanna siúcra-mhilsithe. Tugadh isteach í i mí na Bealtaine 2018. Oibríonn an cháin mar dhleacht mháil agus is cáin fhéinmheasúnaithe í.

Feidhmítear an cháin ar dheochanna uisce-bhunaithe agus deochanna sú-bhunaithe a bhfuil:

  • siúcra breise 
  • agus
  • cion iomlán siúcra de chúig ghram nó níos mó in aghaidh an 100 millilítear. 

Ó mhí Eanáir 2019, tá an CDSM i bhfeidhm chomh maith ar chatagóirí áirithe deochanna próitéiní plandúla agus deochanna a bhfuil saillte bainne iontu.

Feidhmeofar an Cháin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM) ar bhonn toirtmhéadrach ag na rátaí seo a leanas:

Banda 1  €16.26 an heictilítir ar dheochanna a bhfuil cion iomlán siúcra de chúig ghram nó níos mó iontu, ach níos lú ná ocht ngram, in aghaidh an 100 millilítear.
 Banda 2  €24.39 an heictilítir ar dheochanna a bhfuil cion iomlán siúcra d’ocht ngram nó níos mó in aghaidh an 100 millilítear iontu.

Iarrtar ar sholáthraithe clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim roimh an gcéad soláthar a dhéanamh de dheochanna siúcra-mhilsithe sa Stát. Ní mór tuairisceáin a thíolacadh agus aon dliteanas a íoc laistigh de mhí amháin tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta a ndearnadh na soláthairtí lena linn.

Sonraítear sna sonraí a fhoilsítear ar an leathanach idirlín seo:

Meiteashonraí faoi thacar sonraí na staitisticí
CeannteidealCur síos
Teideal Cáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe
Cur síos Dliteanais na Cánach agus toirteanna ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM) dearbhaithe ag soláthraithe
Foisitheoir Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Pointe teagmhála

statistics@revenue.ie

INDTstatistics@revenue.ie

Eochairfhocail cáin ar dheochanna siúcra-mhilsithe, cdsm, siúcra, cáin siúcra
Minicíocht an Fhoilsithe Démhíosúil
Dáta Eisiúna 14/03/2024
Dáta an Athraithe Dheireanaigh 27/06/2024
Cineál an Cheadúnais CC-BY 
Róiteas Modh Method Statement for Sugar Sweetened Drinks Tax