Gairmeacha

Léargas ginearálta

Is é misean na gCoimisinéirí Ioncaim ná chun “Freastal ar an bpobal trí chánacha agus trí dhleachtanna a bhailiú go cothrom agus go héifeachtach agus trí rialuithe custam a chur i bhfeidhm”.

Is eagraíocht thar a bheith sofhreagrach agus forásach muid a bhfuil cáil na maitheasa uirthi. Tá ár mbunluachanna, meas, gairmiúlacht, comhoibriú, inoiriúnaitheacht agus ionracais i gcroílár ár gcultúr agus ár gcur chuige.

In 2023, bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim os cionn €87.2 billiún i gcánacha agus dleachtanna don Státchiste. Chomh maith leis sin, bhailigh muid €26 billiún d'fháltais neamh-Státchiste a bailíodh thar ceann Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí agus Ballstáit eile de chuid an AE. Freisin, tá freagracht ag na Coimisinéirí Ioncaim as obair chun trádáil a éascú agus an teorainn a rialú.

Tacaíonn ár lucht saothair de bheagnach 7,000 duine le comhlíontacht i leith:

  • 4.4 milliún fostaíocht
  • 0.3 milliún fostóir
  • 0.9 milliún gnó
  • 0.3 milliún trádálaithe CBL
  • 0.1 milliún trádálaithe custam
  • agus
  • 1.4 milliún úinéir maoine.

Forbairt Gairmeacha

Tairgeann na Coimisinéirí Ioncaim gairm struchtúrtha atá spreagúil agus dúshlánach in eagraíocht fhuinniúil agus éagsúil. Trínár bpolasaí soghluaisteachta, tá réimse leathan ról suimiúil ar fáil agus tugtar deiseanna don fhoireann scileanna a fhoghlaim agus a chur i bhfeidhm.

Is mór againn an fhoghlaim i measc na foirne agus cuireann muid béim láidir ar fhorbairt leanúnach phearsanta agus ghairmiúil. Soláthraíonn muid cláir chuimsitheacha oiliúna agus tacaíocht airgeadais don fhéin-fhoghlaim, nuair is gá. Mar gheall air seo tá muid in ann fórsa saothair sároilte agus cumasaithe a chothú. Cuireann muid ar fáil freisin réimse leathan roghanna cothromaíochta oibre agus saoil , faoi réir riachtanais ghnó.

Bhuaigh muid an chatagóir 'Barr Feabhais i bhForbairt scileanna sna Duaiseanna Bliantúla um Barr Feabhais agus Nuálaíocht sa Státseirbhís le haghaidh ár dtionscnaimh 'Infheistíocht in Earcaigh Nua'. Cuireann an tionscadal seo ár modh nuálach maidir le foireann a earcú, a choinneáil agus a gcumas a fhorbairt. Cinntíonn sé go bhfuil an fhoireann is fearr againn, leis na scileanna cearta, sna suíomhanna cearta chun ár misean a bhaint amach. Léiríonn sé freisin ár dtiomantas chun infheistiú a dhéanamh inár ndaoine ionas gur féidir linn seirbhís den scoth a sholáthar.

Beartas soláthair

Déantar fógraíocht leathan ar fheachtais earcaíochta na gCoimisinéirí Ioncaim. Tagann sé seo leis an gCód Cleachtais ‘Ceapacháin chun Róil sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí’ arna fhoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Féadtar teacht ar chóip den Chód ar www.cpsa.ie.

Is fostóir comhionannas deiseanna é na Coimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Ráiteas ar chosaint sonraí iarratasóirí