Cannabas luibhe ar luach €1,250,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCill Dara

Inné, (27/06/2024), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 62.5kg de channabas luibhe ar luach measta de €1,250,000 i gceantar Chill Dara.

Rinneadh an ghabháil, a bhí mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim agus Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE). D'aimsigh na Gardaí luach €12,000 eile de chócaon i gcuardach leantach.

Ghabh an Garda Síochána beirt fhear, a bhí sna 20idí agus sna 30idí faoi seach, agus tá siad á gcoinneáil faoi láthair i Stáisiún na nGardaí i gContae Chill Dara faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

[CRÍOCH 28/06/2024]