Cáin Choinneála ar Ús Taisce

Cén ráta CCÚT atá infheidhme?

Asbhaintear Cáin Choinneála ar Ús Taisce (CCÚT) ag ráta 33% ón ús iomlán a íoctar ar gach cuntas taisce á choinneáil ag daoine aonair atá  cónaitheach in Éirinn.

Ús ó chuntais i mBallstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) agus ó thíortha neamh-AE

Má fhaigheann tú ús ó chuntas i mBallstát eile AE, ní mór duit an ráta reatha DIRT a íoc ar an ioncam ó ús. Ní mór duit sonraí faoi seo a chur san áireamh ar do thuairisceán bliantúil cánach. Beidh an t-ioncam faoi réir ardráta cánach 40% mura ndéantar é a thuairisciú in am.

Ar aghaidh: Cé atá díolmhaithe ó DIRT?