Ár bpolosaí X

Déanann an leathanach seo cur síos ar an gcaoi go mbaineann Na Coimisinéirí Ioncaim úsáid as X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo), seirbhís líonraithe shóisialta saor in aisce faoi úinéireacht X Corp.

Ár n-oibleagáidí X

Is iad seo a leanas oibleagáidí X na gCoimisinéirí Ioncaim:

  • nuacht agus eolas ginearálta na gCoimisinéirí Ioncaim a roinnt trí úsáid a bhaint as bealaí cumarsáide atá inrochtana go héasca
  • aird ar theidlíochtaí agus oibleagáidí a mhéadú
  • agus
  • aird ar na Coimisinéirí Ioncaim a mhéadú, agus cúrsaí cánach agus custam i gcoitinne.

Ábhar

Má leanann tú an cuntas X @RevenueIE, féadfaidh tú a bheith ag súil le postálacha rialta a bhaineann le cúrsaí cánach agus custam na hÉireann, lena n-áirítear:

  • preasráitis
  • nuacht is déanaí
  • foilseacháin
  • Nuashonraithe cánach
  • feachtais phoiblíochta agus mar sin de.

Príobháideachas agus slándáil

Tá cuntas X na gCoimisinéirí Ioncaim á óstáil ag X. Ba chóir duit X’s privacy policy a léamh. Glacann tú páirt ag do riosca féin agus ní mór duit freagracht phearsanta a ghlacadh as ábhar do phoist.

Ní phléann na Coimisinéirí Ioncaim cúrsaí cánach cáiníocóirí aonair thar X. Ní ghlacann muid le poist mar fhógra maidir le do chúrsaí cánach. Chomh maith leis sin, ní sheolann muid fógraí faoi aisíocaíochtaí cánach trí X.

Ní iarrfaimid ort faisnéis phearsanta, rúnda nó íocaíochta a nochtadh trí shuíomhanna meán sóisialta amhail X. Má fhaigheann tú teachtaireacht den sórt sin, ná freagair le do thoil – ní ó na Coimisinéirí Ioncaim é agus d'fhéadfadh sé a bheith mailíseach. Féach ár leathanach ar Chúrsaí slándála le haghaidh tuilleadh eolais.

Molann na Coimisinéirí Ioncaim go láidir duit gan aon rud pearsanta fút féin nó faoi aon duine eile a tvuíteáil. Níor chóir duit sonraí aon chúrsáí airgeadais ar X a phlé, ná aon sonraí pearsanta a thabhairt amach. Níor chóir duit Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), seoladh ríomhphoist, sonraí bainc ná aon fhaisnéis phearsanta eile a chur san áireamh i do phostálacha riamh.

@replies agus Teachtaireachtaí Díreacha

Léifidh na Coimisinéirí Ioncaim @replies agus Teachtaireachtaí Díreacha agus déanfar monatóireacht ar théamaí atá ag teacht chun cinn nó ar mholtaí cabhracha agus gníomhófar orthu de réir mar is cuí. Mar sin féin, ní tabharfaimid freagra ina n-aonar ar @replies nó ar Theachtaireachtaí Díreacha.

Más mian leat tuilleadh eolais ar na Coimisinéirí Ioncaim, cáin nó custaim a fháil, féach www.revenue.ie.

Má theastaíonn uait teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim, féach ar ár leathanach Déan teagmháil linn.

Leantóirí

Má leanann tú @RevenueIE, ní leanfaidh muid ar ais thú go huathoibríoch. Ní thugann ár gcinneadh cuntas X a leanúint le tuiscint go dtacaíonn na Coimisinéirí Ioncaim leis. Bainfimid nó blocálfaimid leantóir má dhéanann an leantóir sin ábhar míchuí nó maslach a tvuíteáil.

Infhaighteacht

De ghnáth, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim nuashonrú agus a gcuntas X le linn uaireanta oifige amháin, Luan go hAoine.

Féadfaidh sé nach mbeidh X ar fáil ó am go chéile. Ní féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim freagracht a ghlacadh as easpa seirbhíse mar gheall ar aga neamhfhónaimh X.