Carthanais neamhchónaitheacha

Coinníollacha i leith díolúine chánach a choinneáil

Nuair a bheidh díolúine deonaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim do do charthanas, ní mór dó leanúint den mhéid seo:

  • de bheith comhlíontach ó thaobh cánach de
  • stádas carthanais a choinneáil leis an Rialálaí Carthanas nuair is infheidhme agus a bheith comhlíontach le hAcht na gCarthanas, 2009
  • a ioncam uile a úsáid dá phríomhchuspóir carthanúil amháin
  • taifid agus cuntais chuí airgeadais a choinneáil agus iad a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a iarrtar cigireacht a dhéanamh
  • cuntais iniúchta a choinneáil má tá d’ioncam bliantúil os cionn €250,000
  • Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt a chur ar an eolas maidir le haon athrú ar shonraí an charthanais
  • agus
  • ceadú roimh ré a iarraidh ó Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt má tá sé ar intinn agat cistí a charnadh ar feadh tréimhse níos faide ná dhá bhliain. Ba chóir go bhfolódh sé seo an chúis leis an gcarnadh atá beartaithe.

Ba chóir na doiciméid uile a thíolacadh d’Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt trí M’Fhiosruithe i Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Mura gcloíonn an carthanas leis na coinníollacha thuas, féadann na Coimisinéirí Ioncaim an díolúine a tharraingt siar ón dáta a deonaíodh ar dtús é.

Ar aghaidh: Carthanais atá díomhaoin nó atá á bhfoirceannadh