Imréiteach cánach do charthanais

Teastóidh Deimhniú Imréitigh Cánach ó do charthanas más mian leat cur isteach:

  • ar chonradh de chuid na hearnála poiblí
  • an Scéim Cúitimh CBL do Charthanais
  • ar cheadúnas máil
  • ar cheadúnais áirithe eile.

I measc na gceadúnas eile tá údarú a theastaíonn faoin Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995 agus faoin gCeartas Coiriúil Cúnamh Dlíthiúil.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Imréitigh Cánach

Má tá do charthanas cláraithe sa Stát, ba chóir duit iarratas a dhéanamh tríd an gcóras leictreonach Imréitigh Cánach (eTC) ar:

Má tá do charthanas neamhchónaitheach agus mura bhfuil sé cláraithe le haghaidh cánach sa Stát, iarrtar ort an  Fhoirm TC1 a chomhlánú. Ní mór an fhoirm a thíolacadh don Aonad Neamhchónaitheoirí de Rannóg an Ard-Bhailitheora.