Faoisimh i leith Dleachtanna Gealltóireachta
Tá Dleacht Ghealltóireachta, Dleacht Ghealltóireachta Cianda agus Dleacht Idirghabhálaí incháilithe le haghaidh faoisimh faoi réir fhorálacha Rialachán Uimhir 2023/2831 ón gCoimisiún (AE). Féadfaidh geallghlacadóirí agus idirghabhálaithe ceadúnaithe cáiliú le haghaidh faoisimh i leith dliteanas a eascraíonn ar an 1 Eanáir 2020 nó dá éis sin.
Féadtar faoiseamh suas le teorainn €50,000 ar aon ghealltanas amháin in aghaidh na bliana féilire a éileamh.
Féadtar faoiseamh a éileamh ar thuairisceán le haghaidh tréimhse cuntasaíochta i ndáil le dliteanais iníoctha sa tréimhse chuntasaíochta sin. An t-uasfhaoiseamh a fhéadtar a éileamh i dtréimhse chuntasaíochta ná €12,500. Braitheann sé seo ar líon na laethanta a bhí gnó ag trádáil i dtréimhse chuntasaíochta.
Tá eolas i ndáil leis an uasfaoiseamh a fhéadtar a éileamh i dtréimhse chuntasaíochta ar fáil sa treoirleabhar ar an dleacht ghealltóireachta in Betting Duty Manual.
Ós rud é go bhfuil an faoiseamh faoi réir Rialachán Uimhir 2023/2831 ón gCoimisiún (AE), ní mór don éilitheoir dearbhuithe áirithe a dhéanamh. Féadtar tuilleadh eolais a fháil sa treoirleabhar ar an dleacht ghealltóireachta in Treoirleabhar ar an Dleacht Ghealltóireachta.