Ceadúnas Amharclainne

An chéad iarratas ar Cheadúnas (Gnáthcheadúnas) Tábhairneora le haghaidh Amharclainne

Le haghaidh iarratas chéad uaire, ní mór duit an méid seo a leanas a thíolacadh d’Oifig Náisiúnta na gCeadúnas Máil:

  • Ceadúnas Ceoil agus Amhránaíochta
  • Scéim na n-imeachtaí atá ag teacht aníos
  • agus
  • Foirm Iarratas chomhlánaithe.

Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe ag na daoine seo:

  • ag an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
  • ag duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
  • ag rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, más cuideachta chorpraithe atá ann.

A luaithe agus a fhaigheann na Coimisinéirí Ioncaim d’fhoirm iarratais, seolfar cóip chuig an oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ina bhfuil d’áitreabh bunaithe. Má cheadaíonn oifig na gCoimisinéirí Ioncaim d'iarratas, eiseoidh muid Fógra um Iarratas Chéad Uaire chugat. Iarrtar ort san fhógra seo d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnas a íoc.

Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí agus i gcásanna áirithe:

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas a eisiúint.

Ar aghaidh: Athnuachan ar Cheadúnas (Gnáthcheadúnas) Tábhairneora le haghaidh Amharclainne