Cáin Ola Mianra ar ghás feithicle (COM GF)

Ráta cánach

Is é an ráta COM a bhaineann le soláthairtí gáis feithicle ná €10.13 an uair meigeavata (MWh) ag an luach calrach comhlán (LCC).

Mar atá i gceist le rátaí COM eile, tá comhchuid carbóin agus neamhcharbóin ag baint le COM ar ghás feithicle (COM GF). Tugtar cáin charbóin go coitianta ar an gcomhpháirt carbóin. Is minic a thugtar "máil", "máil breosla" nó "dleacht breosla" ar an gcomhpháirt neamhcharbóin. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur máil an dá chomhpháirt de COM.

Ón 1 Bealtaine 2024, tháinig méadú ar an gcomhchuid carbóin den COM GF. Tá an méadú seo bunaithe ar an méadú sa mhuirear carbóin ó €48.50 go dtí €56.00 an tonna astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2).

Tugtar achoimre sa tábla thíos ar na rátaí COM GF reatha. Áirítear sa tábla chomh maith fachtóirí tiontaithe a úsáidtear le tiontú ó GLC go dtí LCC.

Rátaí éifeachtacha na Cánach Ola Mianra ar Ghás Feithicle.
Ráta éifeachtach ó Fachtóir Tiontaithe Ráta GLC go LCCSoláthar Gáis Feithicle tomhaiste ag  Comhchuid Neamhcharbóin ‘A’ an MWhComhchuid Carbóin ‘B’ an MWh    Ráta COM GF an MWh ('A' + 'B' 
 01/05/2024   0.9017  LCC  €0.00  €10.13  €10.13
 GLC  €0.00  €11.23  €11.23

Ar aghaidh: Taifid