Institiúidí airgeadais
Cáin Choinneála ar Ús Taisce (CCÚT)
Ní mór do ghlacadóirí taisce cáin a asbhaint ón ús a íoctar. Tugtar CCÚT ar an gcáin seo.
Is glacadóir taisce é:
- banc ceadúnaithe d’aon bhallstát den Aontas Eorpach (AE)
- cumann foirgníochta d’aon bhallstát den Aontas Eorpach
- banc taisce iontaobhais
- comhar creidmheasa
- nó
- Banc Taisce Oifig an Phoist.
Tuairisciú
Faoi na hionstraimí reachtúla:
iarrtar ar institiúidí airgeadais faisnéis áirithe a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.