DAC3/BEPS Gníomh 5

Léargas ginearálta

Is minic a thugtar DAC ar Council Directive 2011/16/AE . Forálann an DAC don Mhalartú Uathoibríoch Faisnéise (AEOI) idir chórais riartha cánach Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE).

In 2015, leasaíodh DAC leis an Council Directive (EU) 2015/2376 (DAC3). Le DAC3, leathnaítear raon feidhme na bhforálacha atá ann cheana maidir le AEOI agus comhar riaracháin idir Ballstáit AE.

Cuireann DAC3 d'oibleagáid ar riaracháin chánach faisnéis a mhalartú go huathoibríoch maidir le réamhrialuithe cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála le Ballstáit eile. Malartaíonn na Coimisinéirí Ioncaim rialuithe cánach áirithe freisin faoi Ghníomh 5 de thionscadal OECD/G20 Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS).

Céard is rialuithe cánach ann?

I gcomhthéacs na hÉireann, is tuairimí iad rialuithe a chuireann na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an dlí cánach maidir le hidirbhearta, imeachtaí nó gníomhaíochtaí áirithe. Malartaíonn na Coimisinéirí Ioncaim tuairimí den sórt sin le riaracháin chánach eile faoi raon feidhme DAC3 agus chreat OECD. Faigheann na Coimisinéirí Ioncaim rialuithe freisin ó dhlínsí comhpháirtíochta ina bhfuil cuideachta Éireannach nó eintiteas eile i gceist.

Reachtaíocht na hÉireann agus treoracha i leith Malartú Tuairimí

Tá an reachtaíocht a chuireann malartú tuairimí i bhfeidhm in Éirinn le fáil sna réimsí seo a leanas:

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Tax and Duty Manual Part 35-00-01.

Tabhair do d’aire

Tagraíonn cuideachtaí agus eintitis eile, do na páirtithe in Airteagal 3, mír 11(b), (c) agus (d) de Council Directive 2011/16/EU.

Ar aghaidh: Raon feidhme agus faisnéis atá le malartú