Praghsáil aistrithe (iarratais MAP san áireamh)

Léargas ginearálta

Is i gCuid 35A den Acht Comhdhlúite Cánach (ACC), 1997, atá reachtaíocht praghsála aistrithe na hÉireann leagtha amach. 

Tá prionsabal an fheidhmithe neamhspleách á fheidhmiú ag reachtaíocht praghsála aistrithe na hÉireann. De ghnáth, ciallaíonn sé seo nach mór idirbhearta idir páirtithe gaolmhara a phraghsáil amhail gur cuireadh i gcrích iad idir páirtithe neamhghaolmhara.

Is de réir na dtreoirlínte OECD transfer pricing guidelines for multinational enterprises and tax administrations atá ciall le baint as prionsabal an fheidhmithe neamhspleách.

Ar aghaidh: Ról an údaráis inniúil