Faoiseamh Scannán (Creidmheas Cánach i leith Scannán faoi Alt 481)

Ardú céatadáin d'fhorbairt scannáin réigiúnacha

Níl ardú céatadáin ar fáil le haghaidh éilimh nua a thuilleadh. Ní bheidh feidhm aige ar chríochnú ach amháin nuair a dhéantar éilimh roimh an 1 Eanáir 2024.  Roimhe sin, rinne cuideachta léiriúcháin iarratas ar ardú céatadáin leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Mhéadaigh sé seo an céatadán a úsáidtear chun an creidmheas a ríomh. Chun cáiliú, ní mór don léiriúchán Éireannach:

  • a bheith léirithe go príomha i réigiún faoi chúnamh
  • agus
  • riachtanais áirithe i ndáil le fostaíocht agus oiliúint a chomhlíonadh.

Tá treoir bhreise le fáil ar shuíomh idirlín na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Ar aghaidh: Tairbhithe an Fhaoisimh Scannán