Nósanna imeachta um achomhairc reachtúla
An tOmbudsman
Má tá tú míshásta leis an gcaoi ar láimhseáil na Coimisinéirí Ioncaim le do chúrsaí cánach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh:
- leis na Coimisinéirí Ioncaim (ar dtús báire). Tá sonraí teagmhála ar fail sa rannán Déan teagmháil linn.
- Oifig an Ombudsman. Is é ról Oifig an Ombudsman gearáin ón bpobal a fhiosrú a bhraitheann gur chaith comhlachtaí poiblí go héagórach leo.
Oifig an Ombudsman
Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra maidir le gearán agus, nó achomharc, is féidir leat do ghearán a chur ar aghaidh chuig Oifig an Ombudsman. Tá an tOmbudsman cothrom, neamhspleách agus saor le húsáid.
An bealach is fearr chun teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman ná:
- tríd an nasc ‘Déan Gearán’ a chliceáil ag www.ombudsman.ie
- litir a scríobh chuig: Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
- nó
- glaoch a chur ar an Ombudsman ar 01 639 5600 má tá aon fhiosrú agat nó má tá cabhair uait chun do ghearán a dhéanamh.
Ar aghaidh: An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre