Dleacht Ghealltóireachta
Is éard is Dleacht Ghealltóireachta ann ná dleacht mháil a ghearrtar ar gach geall a chuireann duine, go pearsanta le geallghlacadóir ceadúnaithe.
Tá Geallghlacadóirí Ceadúnaithe faoi dhliteanas Dleachta Gealltóireachta Cianda freisin i leith aon gheall a dhéantar le daoine in Éirinn trí mheán cianda.
Tá Idirghabhálaithe Cian-Gheallghlacadóra Ceadúnaithe faoi dhliteanas Dleachta Idirghabhálaí Gealltóireachta ar choimisiún gearrtha acu ar dhaoine sa Stát.
Braitheann an ráta Dleachta Gealltóireachta ar an gcineál gníomhaíochta gealltóireachta. Tá na rátaí reatha Dleachta Gealltóireachta agus Dleachta Idirghabhálaí Gealltóireachta ar fáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.
Déantar tuairisceáin Dleachta Gealltóireachta a thíolacadh ar bhonn ráithiúil. Ní mór an tuairisceán agus an íocaíocht a dhéanamh ar an 15ú lá den mhí tar éis an lae deiridh den tréimhse chuntasaíochta lena mbaineann an t-éileamh.
Féadtar tuilleadh eolais ar Dhleacht Ghealltóireachta a fháil sa rannán Cuideachtaí agus carthanais.
Sonraítear sna sonraí a fhoilsítear ar an leathanach idirlín seo an méid dleachta a bhailítear do gheallghlacadóirí traidisiúnta, cianda agus idirmheánacha, agus líon na dtrádálaithe a dhéanann íocaíocht. Cuirtear faisnéis maidir le luach na ngeallta a chuirtear, an ráta dleachta gaolmhar agus an Faoiseamh ó Dhleacht Ghealltóireachta do gach tréimhse chuntasaíochta ar fáil freisin ó na tuairisceáin Dleachta Gealltóireachta. Tugtar na sonraí seo de réir ráithe agus tosaíonn siad in 2015.
Ba chóir a thabhairt faoi deara gur tugadh ceartú ar íocaíochtaí dleachta gealltóireachta chun cuntais i ráithe 2 de 2024.
Meiteashonraí faoi thacar sonraí na staitisticí
Teideal | Cur síos |
Teideal |
Dleacht Ghealltóireachta
|
Cur síos |
Staitisticí ar Dhleacht Ghealltóireachta
|
Foilsitheoir |
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim |
Pointe teagmhála |
statistics@revenue.ie
INDTstatistics@revenue.ie
|
Eochairfhocail |
Dleacht Ghealltóireachta, Cearrbhachas, Geallghlacadóirí, Geallghlacadóirí Cianda, Idirghabhálaithe Cian-Gheallghlacadóra, faoiseamh cánach, 2015, 2016, 2017, 2018, 2019, 2020, 2023, 2024
|
Minicíocht an fhoilsithe |
Bliantúil |
Dáta eisiúna |
09/05/2024 |
Dáta an athraithe dheireanaigh |
13/03/2025 |
Cineál an cheadúnais |
CC-BY |
Ráiteas Modh |
Method Statement for Betting Duty |