Cáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe
Feidhmítear an Cháin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM) ar an gcéad soláthar sa Stát de dheochanna siúcra-mhilsithe. Tugadh isteach í i mí na Bealtaine 2018. Oibríonn an cháin mar dhleacht mháil agus is cáin fhéinmheasúnaithe í.
Feidhmítear an cháin ar dheochanna uisce-bhunaithe agus deochanna sú-bhunaithe a bhfuil:
- siúcra breise
- agus
- cion iomlán siúcra de chúig ghram nó níos mó in aghaidh an 100 millilítear.
Ó mhí Eanáir 2019, tá an CDSM i bhfeidhm chomh maith ar chatagóirí áirithe deochanna próitéiní plandúla agus deochanna a bhfuil saillte bainne iontu.
Feidhmeofar an Cháin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM) ar bhonn toirtmhéadrach ag na rátaí seo a leanas:
Banda 1 |
€16.26 an heictilítir ar dheochanna a bhfuil cion iomlán siúcra de chúig ghram nó níos mó iontu, ach níos lú ná ocht ngram, in aghaidh an 100 millilítear. |
Banda 2 |
€24.39 an heictilítir ar dheochanna a bhfuil cion iomlán siúcra d’ocht ngram nó níos mó in aghaidh an 100 millilítear iontu. |
Iarrtar ar sholáthraithe clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim roimh an gcéad soláthar a dhéanamh de dheochanna siúcra-mhilsithe sa Stát. Ní mór tuairisceáin a thíolacadh agus aon dliteanas a íoc laistigh de mhí amháin tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta a ndearnadh na soláthairtí lena linn.
Sonraítear sna sonraí a fhoilsítear ar an leathanach idirlín seo:
Meiteashonraí faoi thacar sonraí na staitisticí
Ceannteideal | Cur síos |
Teideal |
Cáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe |
Cur síos |
Dliteanais na Cánach agus toirteanna ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM) dearbhaithe ag soláthraithe |
Foisitheoir |
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim |
Pointe teagmhála |
statistics@revenue.ie
INDTstatistics@revenue.ie
|
Eochairfhocail |
cáin ar dheochanna siúcra-mhilsithe, cdsm, siúcra, cáin siúcra |
Minicíocht an Fhoilsithe |
Démhíosúil |
Dáta Eisiúna |
14/03/2024 |
Dáta an Athraithe Dheireanaigh |
20/12/2024 |
Cineál an Cheadúnais |
CC-BY |
Róiteas Modh |
Method Statement for Sugar Sweetened Drinks Tax |