Eolas ar an mBuiséad

Ar an 1 Deireadh Fómhair 2024, chuir an tAire Airgeadais an Ráiteas Buiséid faoi bhráid Dháil Éireann. Leagadh amach sa Ráiteas Buiséid cánacha agus tograí caiteachais an Rialtais do 2025.

Iarrfaidh an Rialtas ar an Oireachtas reachtaíocht a leasú nuair is gá chun na hathruithe atá molta sa Ráiteas Buiséid a chur i bhfeidhm. Tabharfar Bille Airgeadais isteach agus pléifear é.

Tugtar forléargas ardleibhéil in Achoimre ar Bhuiséad 2025 ar na tograí atá i mBuiséad 2025, ag díriú go sonrach ar na hathruithe a bhaineann le cáin.