Liosta na Mainnitheoirí Cánach Foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim inniu (03/03/2020) Liosta na Mainnitheoirí Cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochta a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse 31 Nollaig 2019. Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

  • Cinneadh Cúirte ar Phionós: Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán agus nuair is mó ná €35,000 é iomlán na cánach, an úis agus an phionóis agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:
    • 5 cinn de chásanna den chineál seo á fhoilsiú agus is é €347,628 iomlán an phionóis arna ghearradh ag Cúirt.
  • Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag Cúirt:Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.
    • 186 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €451,985 iomlán na bpionós arna ngearradh ag Cúirt.


I measc na gcásanna seo tá:

  • 128 inar loiceadh tuairisceáin a thíolacadh nó ina dtíolacadh, tuairisceáin cánach mhíchearta, inar cuireadh sonraisc mhíchearta ar fáil, inar loiceadh leabhair agus taifid a chur ar fáil, inar loiceadh ráiteas faoi chúrsaí a chur ar fáil agus inar éilíodh faoiseamh Cánach Ioncaim go mícheart. Gearradh fíneálacha cúirte suas le €15,000, seirbhís pobail 40 uair an chloig agus pianbhreith choimeádta ar fionraí suas le 2 bhliain;
  • 33 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte suas le €6,000 ina leith;
  • 25 cás a bhain le coireanna máil agus ceadúnaithe lena n-áirítear imghabháil dleachta máil, smuigleáil tobac, díol mídhleathach tobac, seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol, loiceadh ceadúnas licéar a choinneáil, seilbh ar alcól nár gearradh cáin air lena dhíol agus táirgeadh alcóil neamhcheadaithe. Gearradh fíneálacha cúirte suas le €2,500, trí phianbhreith ar fionraí agus pianbhreith choimeádta suas le 18 mí.


Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 45 cás á fhoilsiú inniu agus is é €19,791,949.44 iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo;
  • Bhain 19 gcás le suimeanna a raibh níos mó ná €100,000 i gceist leo
    • bhí 5 cinn díobh sin níos mó ná €500,000
    • agus bhí 2 cheann díobh níos mó ná €1m;
  • Bhain 14 díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 31 Nollaig 2019;
  • Is é €15,210,180 an tsuim neamhíoctha faoin 31 Nollaig 2019. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí gan íoc a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile na gCoimisinéirí Ioncaim.

Sa tréimhse 3 mhí go 31 Nollaig 2019, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 719 cinn d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 22,432 d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Fiosruithe Gné agus Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh €169.31 milliún i gcáin, ús agus pionóis orthu.

 

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

Críoch [03/03/2020]