É fógartha ag na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an Spriocdháta Íoca agus Tíolactha curtha siar

Inniu (10/12/2020), d’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an spriocdháta Íoca agus Tíolactha le haghaidh 2019 curtha siar go dtí 6pm amárach, an 11 Nollaig 2020.

Inné, rinne na Coimisinéirí Ioncaim beagnach 30,000 tuairisceán Foirm 11 a phróiseáil, agus go dtí seo inniu, tíolacadh os cionn 14,000 tuairisceán trí ROS. Tá líon iomlán na dtuairisceán cánach ioncaim le haghaidh 2019 a tíolacadh go dtí seo níos mó ná 500,000.

Tugann na Coimisinéirí Ioncaim faoi deara na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun ag cáiníocóirí agus gníomhairí atá ag oibriú i dtreo spriocdháta mheán oíche na hoíche anocht. Ag féachaint do na hiarrachtaí sin agus na brúnna a bhaineann leis an spriocdháta a chomhlíonadh, tá síneadh ama eile go dtí 6pm amárach, an 11 Nollaig 2020, fógartha ag na Coimisinéirí Ioncaim.

[Críoch 10/12/2020]