Revenue seize herbal cannabis worth €660,000 in Dublin
Inné (12/12/2023), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 33kg de channabas luibhe ar luach measta de €660,000 i mBaile Átha Cliath.
Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus an tAonad Drugaí Thuaidh de Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath (RCBÁC).
Ghabh An Garda Síochána bean sna 30idí agus tá sí faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath.
Tá imscrúduithe fós ar siúl.
Tá an urghabháil seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírigh ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.
[CRÍOCH 12/12/2023]