Cannabas luibhe ar luach €610,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath

Inniu (29/04/2024), mar chuid d'oibríochtaí bunaithe ar fhaisnéis lena raibh Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE), Aonad Drugaí Thuaidh de Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath (RCBÁC) agus Aonad Drugaí Cheantar K bainteach, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim dhá choinsíneacht ar leith, le meáchan iomlán de thart ar 30.5 kg de channabas luibhe, ar luach measta de €610,000 i mBaile Átha Cliath.

Ghabh An Garda Síochána fear sna 30idí tar éis 27 kg de channabas luibhe a urghabháil agus tá sé faoi choimeád ag Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996.

Ghabh an Garda Síochána beirt fhear (ógánach amháin agus an duine eile ina chuid 20idí) tar éis dóibh 3.5 kg de channabas luibhe a urghabháil agus tá an bheirt faoi choimeád ag stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

[CRÍOCH 29/04/2024]