Nuashonrú ar an Scéim Stórasaithe Fiachais

Roimh an spriocdháta 1 Bealtaine do ghnólachtaí chun teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim chun aghaidh a thabhairt ar a bhfiachas stórasaithe, tá líon na n-iarratas ar Shocraíochtaí Tráthíocaíochtaí (PPAanna) a thíolactar tríd an áis PPA ar líne ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ag dul in airde. Amhail 16.30 Dé Máirt an 30 Aibreán, tá os cionn 8,600 socraíocht íocaíochta curtha ar bun ar ár gcóras. Táimid ag déanamh dul chun cinn le 1,700 iarratas PPA eile faoi láthair. Tá 98% den fhiachas sa stóras dlite ag beagán os cionn 15,000 gnó. San iomlán, tá os cionn 75% den €1.5bn sa Stóras Fiachais íoctha ina iomláine anois, nó á íoc trí PPA. Táimid ag súil go leanfaidh gnóthaí ag cur bailchríoch le híocaíochtaí agus go gcuirfidh siad tograí íocaíochta isteach tráthnóna agus amárach.

Mar gheall ar an leibhéal rannpháirtíochta atá ag dul in airde, leanfaidh Rannóg an Ard-Bhailitheora ag obair ar phleananna íocaíochta agus beidh línte gutháin (fón: 01 738 3663) ar oscailt ó 09.30 go 16.30 go dtí Dé hAoine, 3 Bealtaine.

Níltear ag súil go n-íocfaidh gnóthaí a bhfiachas stórasaithe ina n-iomláine faoin 1 Bealtaine. Mar sin féin, d'fhonn an ráta buntáistiúil 0% bainteach le fiachas stórasaithe a choinneáil, ní mór do ghnóthaí dul i dteagmháil linn ar bhealach fiúntach faoin dáta tábhachtach seo. Sa chás go dteipeann ar ghnó teagmháil fhiúntach a dhéanamh linn, beidh an t-iarmhéid amuigh faoi réir gnáth imeachtaí bailithe fiachais láithreach bonn agus beidh an ráta caighdeánach úis 8%-10% i bhfeidhm. Is í an príomhtheachtaireacht mar sin, ná gur chóir d’aon ghnó nach ndearna plé linn go fóill maidir lena bhfiachas stórasaithe, gníomhú anois agus dul i dteagmháil linn láithreach chun plean íocaíochta a chur le chéile.

[CRÍOCH 30/04/2024]