Nuashonrú breise ar an Scéim Stórasaithe Fiachais

Amhail 16.00 Déardaoin 02 Bealtaine, tá os cionn 10,000 Socraíocht Tráthíocaíochtaí (PPAanna) curtha ar bun ar ár gcóras. Táimid ag déanamh dul chun cinn le 1,500 iarratas PPA faoi láthair. Ina theannta sin, tá os cionn €65m próiseáilte againn in íocaíochtaí le trí lá anuas i dtaca leis an bhfiachas stórasaithe.  Measann muid, nuair a thugtar iarratais PPA idir lámha chun críche agus nuair a phróiseáiltear íocaíochtaí isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), go mbeidh 85% den fhiachas €1.65bn a bhí stórasaithe ag tús mhí Aibreáin íoctha go hiomlán, nó urraithe faoi PPAanna.

I gcás na ngnóthaí sin nach bhfuil socruithe curtha i bhfeidhm acu go fóill chun a bhfiachas stórasaithe a íoc, ina iomláine nó mar chuid de PPA, tá an baol ann anois go gcaillfidh siad an ráta úis 0% agus na roghanna íocaíochta solúbtha a bhíonn ar fáil maidir lena bhfiachas stórasaithe, agus go mbeidh siad faoi réir gnáth bhailiú fiachais. Chun an fhéidearthacht sin a sheachaint, moltar go láidir do ghnóthaí dul i dteagmháil linn gan mhoill chun plean íocaíochta a shocrú, a chlúdaíonn a bhfiachas stórasaithe.

Féadfaidh cáiníocóirí teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim 24/7 trínár mbealaí digiteacha (M'Fhiosruithe nó ROS). De rogha air sin, beidh línte gutháin an Ard-Bhailitheora ar oscailt amárach go dtí 16.30 (Fón: 01 738 3663) chun cabhrú leis an bpróiseas seo agus chun na socraíochtaí íocaíochta a tíolacadh dúinn a thabhairt chun críche.

Go hachomair, is mian leis na Coimisinéirí Ioncaim béim a chur ar an teachtaireacht ríthábhachtach gur chóir d'aon ghnó nach ndeachaigh i dteagmháil linn go fóill maidir lena bhfiachas stórasaithe gníomhú anois agus teagmháil a dhéanamh linn gan mhoill chun plean íocaíochta a chur le chéile, nó go mbeidís faoi réir nósanna imeachta caighdeánacha bailithe fiachais.

[CRÍOCH 02/05/2024]