Cannabas luibhe ar luach €3,680,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i Loch Garman agus i mBaile Átha Cliath

Inné (07/05/2024), mar chuid d'oibríochtaí bunaithe ar fhaisnéis lena raibh Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim agus Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (GNDOCB) bainteach, gabhadh dhá choinsíneacht ar leith de channabas luibhe, le meáchan iomlán de thart ar 184kg ar luach measta de €3,680,000 (faoi réir anailíse) i Loch Garman agus i mBaile Átha Cliath.

Ghabh an Garda Síochána fear amháin ina chuid 60idí tar éis an 139kg de channabas luibhe a urghabháil, agus tá sé faoi choimeád i Réigiún an Oirdheiscirt faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996. Mar chuid de oibríocht eile, ghabh an Garda Síochána fear amháin ina chuid 50idí tar éis 45 kg de channabas luibhe a urghabháil, agus tá sé faoi choimeád i Stáisiún Gardaí in Iarthar Bhaile Átha Cliath faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

[CRÍOCH 08/05/2024]