159,000 toitín gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i ndeisceart Bhaile Átha Cliath

Dé hAoine seo caite (03/05/2024), mar thoradh ar oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim breis agus 159,000 toitín ag áitreabh gnó i mBaile Átha Cliath.

Meastar go bhfuil luach thart ar €133,600 ar na toitíní smuigleáilte, de bhranda 'Dunhill' agus 'Karelia', rud a léiríonn caillteanas poitéinsil os cionn €105,000 don Státchiste. 

Ceistíodh fear ina chuid 30idí agus tá imscrúduithe fós ar siúl. 

Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar sholáthar agus ar dhíol toitíní agus tobac neamhdhleathach sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 08/05/2024]