Cannabas luibhe ar luach €100,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Calafort Bhaile Átha Cliath

Dé Céadaoin (08/05/2024), mar thoradh ar phróifíliú riosca agus le cabhair ó bhrathadóir madra Guss, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 5 kg de channabas luibhe ar luach measta €100,000 ag Calafort Bhaile Átha Cliath. Aimsíodh na drugaí aindleathacha i gcoinsíneachtaí a tháinig ón Spáinn agus a bhí beartaithe le haghaidh seoladh i mBaile Átha Cliath. Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírítear ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir shaorghlao 1800 295 295.

[CRÍOCH 10/05/2024]