Toitíní agus airgead tirim ar luach níos mó ná €40,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCo. Ros Comáin

Inné (09/05/2024) ag Cúirt Dúiche Bhéal Átha na Sluaighe, dheonaigh an Breitheamh James Faughnan ordú coinneála airgid trí mhí d’oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Tharla sé sin tar éis airgid thirim ar luach €30,000 agus os cionn 14,000 toitín a urghabháil ar an 8 Bealtaine 2024.

Rinneadh an ghabháil mar thoradh ar oibríocht bunaithe ar fhaisnéis agus le tacaíocht ón madra brathadóra Toby, tar éis cuardach a dhéanamh faoi bharántas, ar thrí mhaoin i Ros Comáin. Tá luach measta miondíola níos mó ná €11,800 ar na toitíní aindleathacha, agus is ionann é agus caillteanas tuairim is €9,300 a d'fhéadfadh a bheith ann don Státchiste.

Ceistíodh fear agus tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an ghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar sholáthar táirgí neamhdhleathacha tobac. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fhóin 1800 295 295.

[CRÍOCH 10/05/2024]