Contrabhanna ar luach os cionn €330,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath
Le linn na seachtaine seo caite, (an tseachtain dar tús 06/05/2024), agus iad i mbun scrúdaithe ar bheartáin, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ag áitreabh i mBaile Átha Cliath 13.9 kg de channabas luibhe ar luach measta €277,000 mar chuid d’oibríochtaí iomadúla. Urghabhadh cainníochtaí éagsúla de dhrugaí aindleathacha eile, ar luach measta os cionn €3,700.
Aimsíodh na drugaí aindleathacha, mar thoradh ar phróifíliú riosca, i mbeartáin a tháinig ón Ríocht Aontaithe, ó SAM, ó Cheanada, ón Téalainn agus ón India, agus bhí siad beartaithe le haghaidh seoltaí ar fud na tíre.
Urghabhadh cainníocht d’earraí miondíola, ar luach measta de thart ar €50,000, freisin mar gheall ar sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla.
Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.
[CRÍOCH 13/05/2024]