Contrabhanna ar luach thart ar €370,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath

Le linn na seachtaine seo caite, (an tseachtain dar tús 13/05/2024), agus iad i mbun scrúdaithe ar bheartáin, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ag áitreabh i mBaile Átha Cliath thart ar 8.4 kg de channabas luibhe ar luach measta €169,800 mar chuid d’oibríochtaí iomadúla. Urghabhadh cainníochtaí éagsúla de dhrugaí aindleathacha eile freisin, ar luach measta €1,950.

Aimsíodh na drugaí aindleathacha, mar thoradh ar phróifíliú riosca, i mbeartáin a tháinig ón Ríocht Aontaithe, ó SAM, ó Cheanada, ón Téalainn agus ón India, agus bhí siad beartaithe le haghaidh seoltaí ar fud na tíre. Urghabhadh cainníocht d’earraí miondíola freisin, ar luach measta de thart ar €198,000, mar gheall ar sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla. Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 20/05/2024]