Contrabhanna ar luach thart ar €533,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath

Le linn na seachtaine seo caite, (an tseachtain dar tús 20/05/2024), agus iad i mbun scrúdaithe ar bheartáin, le cúnamh ó bhrathadóir madra Grace, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ag áitreabh i mBaile Átha Cliath os cionn 7 kg de channabas luibhe ar luach measta €142,000 mar chuid d’oibríochtaí iomadúla. Urghabhadh cainníochtaí éagsúla de dhrugaí aindleathacha eile, ar luach measta os cionn €3,300.

Aimsíodh na drugaí aindleathacha, mar thoradh ar phróifíliú riosca, i mbeartáin a tháinig ón Ríocht Aontaithe, ón Spáinn, ó SAM, ó Cheanada, ón Téalainn agus ón India, agus bhí siad beartaithe le haghaidh seoltaí ar fud na tíre.

Urghabhadh cainníocht d’earraí miondíola freisin, ar luach measta de thart ar €388,000, mar gheall ar sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla.

Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 27/05/2024]