Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (11/06/2024), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim liosta na mainnitheoirí cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Márta 2024. Foilsítear an liosta in Iris Oifigiúil, in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse 31 Márta 2024. Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

Cinneadh Cúirte ar Phionós

Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 é iomlán na cánach) agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:

  • Bhí 5 chás den chineál seo sa tréimhse 3 mhí go dtí 31 Márta 2024 agus €517,063 méid iomlán an phionóis arna ghearradh ag an gCúirt.

Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ad an gCúirt

Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta: 

  • 79 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €178,215 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt. 

Áirítear ina measc siúd: 

  • 14 cás inar loiceadh tuairisceán-tuairisceáin Chánach Ioncaim a thíolacadh, 1 chás inar seachadadh tuairisceán-tuairisceáin mhíchearta Cánach Ioncaim, 1 chás inar éilíodh faoiseamh Cánach Ioncaim nach raibh duine i dteideal a fháil, 1 chás inar loiceadh tuairisceán-tuairisceáin CBL a thíolacadh, 1 chás inar loiceadh CBL a íoc, 2 chás inar seachadadh tuairisceán-tuairisceáin CBL míchearta, 1 chás inar éilíodh aisíocaíocht CBL nach raibh duine i dteideal a fháil, 1 chás inar seachadadh tuairisceán-tuairisceáin mhíchearta Cánach Corparáide, 1 chás inar loiceadh leabhair agus taifid a chur ar fáil agus 2 chás inar cuireadh sonraisc-doiciméid mhíchearta ar fáil, ar gearradh fíneálacha Cúirte arbh fhiú €46,000 iad ina leith. Gearradh pianbhreith d'fhaid éagsúla mar seo a leana freisin:
    • dhá phianbhreith 3 bliana agus 6 mhí (ar fionraí go hiomlán)
    • dhá phianbhreith 2 bhliain (ar fionraí go hiomlán)
    • pianbhreith amháin 18 mí (ar fionraí go hiomlán)
    • agus
    • trí phianbhreith 80 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad bliana príosúnachta.
  • 22 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €65,200 ina leith
  • 28 cás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte arbh fhiú €60,750, iad san iomlán, agus gearradh ocht bpianbhreith d'fhaid éagsúla mar seo a leanas:
    • dhá phianbhreith príosúnachta 18 mí
    • dhá phianbhreith príosúnachta 16 mhí
    • pianbhreith príosúnachta 1 lá (ar fionraí ar feadh 1 lá)
    • pianbhreith amháin 60 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad príosúnacht 2 mhí
    • pianbhreith amháin 240 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad príosúnacht 2 bhliain
    • agus
    • pianbhreith amháin príosúnachta 6 mhí chun rith i gcomhthráth ar gach toghairm.
  • 2 chás inar loiceadh ceadúnas reatha deochanna meisciúla a shealbhú agus gearradh fíneálacha Cúirte dar suim €1,265 ina leith.
  • 2 chás maidir le halcól nár gearradh cáin air a bhí ar díol, agus gearradh fíneálacha Cúirte dar suim €5,000 ina leith.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó: 

  • 11  cás á fhoilsiú inniu agus is é €4,002,820 iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo.
    • Bhí 11 cinn díobh sin níos mó ná €100,000
      • sháraigh 4 chás díobh sin €500,000.
  • Bhain 2 cinn díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 31 Márta 2024.
  • Is é €1,401,047 an tsuim neamhíoctha faoin 31 Márta 2024. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán nár íocadh a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Thorad na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim. Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Márta 2024, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 14,899 d’Idirghabhálacha Comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh €195,677,591 orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

[CRÍOCH 11/06/2024]