Suirbhé na gCoimisinéirí Ioncaim ar ghníomhairí cánach meánmhéide
Tá Aonad Taighde Eacnamaíochta na gCoimisinéirí Ioncaim ag reáchtáil suirbhé ar gníomhaire cánach. Is é cuspóir ár suirbhé ná chun tuiscint níos fearr a fháil ar na saincheisteanna atá os comhair gnólachtaí gníomhaire cánach agus cabhrú linn caighdeán na seirbhíse a chuirimid ar fáil duit a fheabhsú.
Má roghnaíodh thú le haghaidh an tsuirbhé, gheobhaidh tú ríomhphost ag iarraidh ort ár suirbhé gearr ar líne a dhéanamh faoin 8 Iúil 2024.
Ní iarrtar faisnéis airgeadais ná pearsanta inár suirbhé.
Ní iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim riamh a leithéid d’fhaisnéis a thabhairt i ríomhphoist ná i suirbhé.
Ag déileáil le do chúrsaí cánach, ní eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim ríomhphoist le naisc suímh idirlín iontu. Níl baint ar bith ag an suirbhé seo le do ghnóthaí cánach aonair agus tá an nasc curtha ar fáil chun aiseolas ó chustaiméirí a lorg chun cabhrú linn caighdeán na seirbhíse a chuirimid ar fáil a fheabhsú.
Má bhíonn aon imní ort i dtaca leis an suirbhé, déan teagmháil linn le surveys@revenue.ie.