Cannabas luibhe ar luach €990,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Aerfort Bhaile Átha Cliath

Inné (09/07/2024), mar thoradh ar phróifíliú riosca agus le cabhair ó bhrathadóir madra Jack, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim timpeall 49.5kg de channabas luibhe ar luach measta de €990,000 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Thángthas ar an gcannabas i bhfolach i bpacáistí folúsphacáilte laistigh de bhagáiste paisinéara a tháinig as eitleán a d’eitil ón Téalainn.

Ghabh An Garda Síochána fear sna 30idí agus coimeádadh é thar oíche faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath. Cúisíodh é ó shin agus tá sé le tabhairt os comhair na gcúirteanna ar maidin.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírítear ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 10/07/2024]