Cannabas luibhe ar luach €220,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath

Inné (25/07/2024), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 11kg de channabas luibhe ar luach measta de €220,000 i mBaile Átha Cliath.

Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus Aonad Drugaí Cheantar Q.

Ghabh An Garda Síochána fear sna 40idí agus tá sé faoi choimeád ag Stáisiún Gardaí in Iarthar Bhaile Átha Cliath faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

[CRÍOCH 25/07/2024]