Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu, 10/09/2024, d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim liosta na mainnitheoirí cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Aibreán 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2024. Foilsítear an liosta in Iris Oifigiúil, in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag an gCúirt ina leith gur chóir pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha orthu ag an gCúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse 30 Meitheamh 2024. Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

Cinneadh Cúirte ar phionós

Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 é iomlán na cánach) agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:

  • Bhí 9 gcás den chineál seo sa tréimhse 3 mhí go dtí 30 Meitheamh 2024 agus €1,882,871 méid iomlán an phionóis arna ghearradh ag an gCúirt.

Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt

Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta:

  • 57  cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €98,530 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.

Áirítear ina measc siúd:

  • 9 gcás inar loiceadh tuairisceán-tuairisceáin Chánach Ioncaim a thíolacadh, 3 chás inar loiceadh tuairisceán-tuairisceáin CBL a thíolacadh agus 2 chás inar loiceadh CBL a íoc, ar gearradh fíneálacha Cúirte arbh fhiú €13,500 san iomlán iad ina leith. Gearradh pianbhreith d'fhaid éagsúla mar seo a leana freisin:
    • trí phianbhreith príosúnachta dhá bhliain (ar fionraí go hiomlán ar feadh 5 bliana)
    • agus
    • dhá phianbhreith príosúnachta 3 bliana agus 6 mhí (le 2 bhliain agus 6 mhí ar fionraí).
  • 8 gcás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €22,500 ina leith.
  • 31 cás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte arbh fhiú €60,000,iad san iomlán, agus gearradh 8 bpianbhreith d'fhaid éagsúla mar seo a leanas:
    • pianbhreith amháin príosúnachta 3 bliana (ar fionraí ina hiomláine)
    • dhá phianbhreith príosúnachta 6 mhí (ceann amháin ar fionraí go hiomlán agus ceann amháin ar fionraí go hiomlán ar feadh 18 mí faoi seach)
    • ceithre phianbhreith príosúnachta 2 mhí (ceann amháin ar fionraí go hiomlán ar feadh 2 mhí agus trí cinn curtha ar fionraí ina n-iomláine ar feadh 1 bhliain faoi seach)
    • agus
    • pianbhreith amháin príosúnachta 8 mhí (ar fionraí ar feadh 2 mhí).
  • 4 chás inar loiceadh ceadúnas reatha deochanna meisciúla a shealbhú agus gearradh fíneálacha Cúirte dar suim €2,530 ina leith.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 11  cás á fhoilsiú inniu agus is é €2,209,986  iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo
    • Bhí 7 gcinn díobh sin níos mó ná €100,000.
      • Bhí 1 chás níos mó ná €500,000.
  • Bhain 1 chás le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 30 Meitheamh 2024. 
  • Is í €178,780 an tsuim neamhíoctha faoi 30 Meitheamh 2024. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán nár íocadh a bhailiú-a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla). 

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim.  Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2024, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 16,941 d’Idirghabhálacha Comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh €99,821,614 orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

[CRÍOCH 10/09/2024]