Revenue seize herbal cannabis worth €136,000 in Dublin

Inniu, (30/09/2024), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 6.8kg de channabas luibhe ar luach measta de €136,000, ag seoladh cónaithe i mBaile Átha Cliath.

Rinneadh an t-urghabháil seo mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus Aonad Drugaí Cheantar K, Baile Átha Cliath.

Ghabh An Garda Síochána fear sna 20idí agus tá sé faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an urghabháil seo mar chuid de chomhoibríochtaí leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírítear ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá eolas ag aon ghnó nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 30/09/2024]