Contrabhanna ar luach níos mó ná €400,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath agus Lár Tíre

Le linn na seachtaine dar tús 23/09/2024, agus iad i mbun scrúdaithe ar bheartáin, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 17.6 kg de channabas luibhe agus 1 kg amfataimíní ag áitribh i mBaile Átha Cliath agus Lár Tíre, le luach iomlán de bheagnach €368,000, mar chuid d’oibríochtaí iomadúla. Urghabhadh cainníochtaí éagsúla de dhrugaí aindleathacha eile freisin, ar luach measta €5,000.

Aimsíodh na drugaí aindleathacha, mar thoradh ar phróifíliú riosca, i mbeartáin a tháinig ó SAM, ón Ríocht Aontaithe, ón Ísiltír, ón Spáinn, ó Cheanada, ón Téalainn agus ón India, agus bhí siad beartaithe le haghaidh seoltaí ar fud na tíre. Ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim cainníocht earraí miondíola freisin, ar luach measta os cionn €28,000, mar gheall ar sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 01/10/2024]