Contrabhanna ar luach beagnach €350,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath agus Lár Tíre
Le linn na seachtaine seo caite (dar tús 30/09/2024), agus iad i mbun scrúdaithe ar bheartáin, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 13.2 kg de channabas luibhe agus níos mó ná 5 kg de 4-Meitiléin peinteadróin ag áitribh i mBaile Átha Cliath agus Lár Tíre, ar luach iomlán €316,000, mar chuid d’oibríochtaí iomadúla. Urghabhadh cainníochtaí éagsúla de dhrugaí aindleathacha eile freisin, ar luach measta €7,300.
Aimsíodh na drugaí aindleathacha, mar thoradh ar phróifíliú riosca agus le cúnamh ó na madraí brathadóra Sam agus Grace, i mbeartáin a tháinig ón Ríocht Aontaithe, ón Ísiltír, ó SAM, ó Cheanada agus ón Téalainn, agus bhí siad beartaithe le haghaidh seoltaí ar fud na tíre.
Ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim cainníocht earraí miondíola freisin, ar luach measta os cionn €24,500, mar gheall ar sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.
[CRÍOCH 07/10/2024]