1.2 milliún toitín gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i bPort Láirge
Inné (07/10/2024),mar thoradh ar oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 1.2 milliún toitín ar luach measta de €1,005,000, tar éis cuardach a dhéanamh ar choimeádán neamhthionlactha ag Calafort Belview, Port Láirge.
Tháinig na toitíní aindleathacha, brandáilte 'L & B', go hÉirinn ó Rotterdam agus b'ionann iad agus caillteanas poitéinsil don Státchiste de thart ar €603,000.
Tá imscrúduithe fós ar siúl.
Tá an ghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar sholáthar táirgí neamhdhleathacha tobac. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.
[CRÍOCH 08/10/2024]