Cócaon gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i Loch Garman ar luach €2.1m

Inniu, 10/10/2024, mar chuid de chomhoibríocht lena raibh Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE), Aonad Drugaí na Roinne Loch Garman agus Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim páirteach, gabhadh thart ar 30kg de chócaon ar luach measta €2.1 milliún i Loch Garman.

Ghabh An Garda Síochána fear sna 50idí agus tá sé faoi choimeád ag Stáisiún Gardaí I Réigiún an Oirdheiscirt faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996. 

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírítear ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 10/10/2024]