Cócaon ar luach níos mó ná €2.5 milliún gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Europort Ros Láir
Dé hAoine seo caite, 11/10/2024, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 36kg de chócaon, ar luach measta de bheagnach €2,530,000, ag Europort Ros Láir.
Aimsíodh na drugaí aindleathacha mar thoradh ar phróifíliú riosca, nuair a stopadh agus rinneadh cuardach ar aonad lastais a tháinig i dtír ar bhád farantóireachta ó Dunkirk na Fraince.
Ghabh An Garda Síochána fear sna 50idí agus tá sé faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí i gContae Loch Garman.
Tá imscrúduithe fós ar siúl.
Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírítear ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.
[CRÍOCH 11/10/2024]