Breosla neamhdhleathach gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim sa Mhí agus i Ros Comáin

Dé Sathairn seo caite, 19/10/2024, mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, d'aimsigh Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, le tacaíocht ón tSaotharlann Stáit, breosla sciúrtha amhrasta le díol ag dhá stáisiún breosla i gContae na Mí agus i gContae Ros Comáin.

Rinneadh cuardach ar an dá áitreabh faoi bharántas agus baineadh 38,000 lítear breosla ón láthair chun scrúduithe breise a dhéanamh. Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Is bagairt thromchúiseach don Státchiste í an trádáil aindleathach i mbreoslaí. Chomh maith leis an gcaillteanas airgeadaíochta, cuireann smuigleáil breosla agus sciúradh breosla iomaíochas na ngnóthaí dlisteanacha i mbaol, chomh maith le damáiste a dhéanamh don chomhshaol, d'fheithiclí tomhaltóirí agus cuidíonn siad le líonraí coiriúla eagraithe a chothú.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar sciúradh breosla agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, féadtar sin a thuairisciú trí theagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 21/10/2024]