Tobac coganta ar luach €660,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Calafort Bhaile Átha Cliath

Inné 30/10/2024, mar thoradh ar phróifíliú riosca, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 1,200 kgs de thobac coganta ag Calafort Baile Átha Cliath.

Tháinig an tobac aindleathach, a raibh luach measta €660,000 air, ón India agus tháinig sé go Calafort Bhaile Átha Cliath tar éis dó dul tríd an Ísiltír.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar sholáthar agus ar dhíol toitíní agus tobac neamhdhleathach sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthais nó ag an bpobal maidir le toitíní nó táirgí tobac á smuigleáil nó a dhíol, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 31/10/2024]