Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (10/12/2024), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach i dtaca leis an tréimhse 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair 2024. Foilsítear an liosta in Iris Oifigiúil, ina dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag an gCúirt ina leith gur chóir pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha orthu ag an gCúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse, 31 Nollaig 2023. Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáth nósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

Cinneadh Cúirte ar Phionós

Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 iomlán na cánach) agus nach bhfuil nochtadh cáilitheach déanta:

  • Ní raibh aon chás den chineál seo ann sa tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meán Fómhair 2024.

Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt.

Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta:

  • 29 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €79,882.50 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.

Áirítear ina measc siúd:

  • 7 gcás inar loiceadh tuairisceáin chánach ioncaim a thíolacadh agus inar éilíodh faoiseamh cánach ioncaim nach raibh aon teidlíocht ina leith. Gearradh fíneálacha cúirte arb ionann iad agus €11,250.
  • 10 gcás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €40,500 ina leith.
  • 11 cás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte arbh fhiú €27,500 san iomlán iad, agus gearradh 1 phianbhreith 6 mhí, a cuireadh ar fionraí ar feadh 2 bhliain, in ionad príosúnachta.
  • 1 cás inar loiceadh ceadúnas reatha deochanna meisciúla a shealbhú agus gearradh fíneál Cúirte  €632.50 ina leith.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 36 cás á fhoilsiú inniu agus is €15 milliún an tsuim iomlán socraíochta sna cásanna seo.
    • Bhí 3 chás níos lú ná €100,000.
    • Bhí 32 cás idir €101,000 agus €500,000.
    • Sháraigh cás amháin €1,000,000.
  • Bhí 6 chás ann nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 30 Meán Fómhair 2024.
  • €7.4 milliún an tsuim neamhíoctha faoin 30 Meán Fómhair 2024. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/aisghabháil (m.sh., i gcás leachtú cuideachta).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht 

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim. Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meán Fómhair 2024, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 15,261 idirghabháil comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh de €172,425,048 orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach