Contrabhanna gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath agus i Ros Láir ar luach beagnach €260,000
Le linn na seachtaine seo caite, dar tús an 30 Nollaig 2024, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta de €260,000 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath agus i Ros Láir.
Is mar thoradh ar phróifíliú riosca a aimsíodh an méid seo a leanas:
- 9.1kg de channabas luibhe, ar luach measta de €183,000
- Drugaí aindleathacha éagsúla eile, ar luach measta de €2,800
- 1,380 toitíní, ar luach measta €1,250, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de €600 don Státchiste
- 6.1kg tobac, ar luach measta €5,400, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de €4,100 don Státchiste
- 168 earra góchumtha, ar luach measta de €67,000.
D'aimsigh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim na drugaí aindleathacha, le cabhair ó madraí bhrathadóra Ciara agus Enzo, agus iad i mbun scrúdaithe ar bheartáin ag áitreabh i mBaile Átha Cliath. Tháinig na beartáin ón Ríocht Aontaithe (RA), ón Spáinn, ón India agus ón Téalainn, agus bhí siad beartaithe le haghaidh seoltaí ar fud na tíre.
Gabhadh na toitíní agus tobac nuair a stop agus chuardaigh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim paisnéirí a bhí ag dul trí Europort Ros Láir. Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla. Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.
[CRÍOCH 08/01/2025]