Cannabas luibhe ar luach €91,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gContae na Mí

‌An an Aoine seo caite (10/01/2025), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 4.6kg de channabas luibhe ar luach measta de €91,000 san Uaimh, Co. na Mí.

Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus an tAonad Drugaí de Réigiún na Mí.

Ghabh An Garda Síochána bean sna 20idí agus tá sí faoi choimeád ag stáisiún Gardaí i gContae na Mí faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984.

Tá an urghabháil seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a bhaineann le grúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. ‌Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

[CRÍOCH 10/01/2025]