Contrabhanna gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath, Lár Tíre agus Ros Láir ar luach os cionn €523,000

Le linn an tseachtain seo caite, na seachtaine dar tús 6 Eanáir 2025, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta de €523,000 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliatch, Lár na Tíre agus Ros Láir.

Rinneadh na brathadóirí mar thoradh ar phróifíliú riosca agus áiríodh leo na nithe seo a leanas:

  • 23.7 kg de channabas luibhe, ar luach measta de bheagnach €462,000
  • drugaí aindleathacha éagsúla, ar luach measta de €1,315
  • 201 earraí góchumtha, ar luach measta de €58,750

Aimsíodh an cannabas luibhe agus drugaí aindleathacha éagsúla, le cúnamh ón madraí brathadóra Ciara agus Enzo fad is a bhí oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ag cuardach beartán in áitribh i mBaile Átha Cliath agus i Lár Tíre. Aimsíodh na drugaí neamhdhleathacha taobh istigh de beartáin a tháinig as an Ríocht Aontaithe, an Téalainn, Poblacht na Seice, na Stáit Aontaithe agus Ceanada. Bhí na beartáin beartaithe le haghaidh seoltaí éagsúla ar fud na tíre. Chomh maith le sinn, rinneadh 6 airm a idircheapadh i bpacáistí a tháinig ó Phoblacht na Seice.

Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla.

Chomh maith leis an 32 lítear alcóil thuas, ar luach beagnach €555 agus caillteanas poitéinsil €352 don Státchiste, gabhadh iad mar aon le méid beag tobac nuair a stop oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chuardaigh siad paisnéirí a bhí ag dul trí Europort Ros Láir.

Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 14/01/2025]