Cannabas luibhe ar luach €70,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCorcaigh Thoir

Inné, 14/01/2025, mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, le cabhair ó bhrathadóir madra Merlin, thart ar 3.5 kg de channabas luibhe ar luach measta €70,000 i gCorcaigh Thoir.

Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, madra brathadóir Merlin, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus an Aonad Roinne Drugaí Corcaigh.

Ghabh an Garda Síochána fear sna 30idí agus tá sé faoi choimeád ag Stáisiún Gardaí i gCorcaigh faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996.

Tá an urghabháil seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a bhaineann le grúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

[CRÍOCH 14/01/2025]